IE

? Aoibhneas, sonas, sláinte: 1. Síocháin istigh. 2. Sástacht a fháil ó chabhrú agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine Eile. Caidreamh. 12R.tv❌✅ Is mian liom Tú féin agus Mé féin go bhféadfadh gach duine Againn ag deireadh na bliana seo chugainn a rá: “Ba í 2022 an bhliain ab fhearr i mo shaol ??”. Marcin Ellwart

Duine

Is speiceas príomhach atá sa duine nó duine daonna (ainm déthéarmach Homo sapiens). Homainid atá ann.

Seasann daoine cruinn díreach, i riocht is go bhfuil na lámha saor le ruda a láimhsiú. Tá inchinn an-fhorbartha acu agus mar sin tá réasún teibí, caint, agus inbhreithniú acu.

Is de thréithe iompraíochta na ndaoine go n-úsáideann siad teanga, go n-eagraítear i sochaithe aimhréiteacha iad, agus go bhforbraíonn siad teicneolaíocht. Maireann daoine i gcultúir gan chuntas lena lán creidimh, miotais, deasghnátha, luachanna, agus noirm shóisialta.

Tugann a nádúr fiosrach agus inbhreathnitheach ar daoine iarraidh a thabhairt ar a gcomhfhios a míniú, agus tionscnaíonn sé téarmaí idir ábharaíocha agus spioradálta le cur síos ar an toisc dhaonna. Dar leis an chéad dearcadh, atá onteolaíoch nó meitifisiciúil, nach bhfuil aon réaltacht ann ach amháin an ceann fisiciúil nó ábhartha. Cuireann an dara dearcadh treis ar taobh spioradálta nó neamhfhisiciúil sa bheatha, agus cuireann sé san áireamh uaireanta creideamh i nDia nó i ndéithe éagsúla agus creideamh go bhfuil anam ag daoine ach níl ag ainmhithe eile, idir creidimh eile. Is é an féinmhachnamh seo bun na fealsúnachta agus tá sé i gcáipéisí stairiúla ó thosach aimsire.

Wikipedia.org:

https://ga.m.wikipedia.org/wiki/Duine

Sláinte

Is bail meabhrach nó corpbhail an duine í sláinte.

https://ga.m.wikipedia.org/wiki/Sl%C3%A1inte

An Ghaeilge

teanga Ghaelach

Is ceann de na teangacha Ceilteacha í Gaeilge (nó Gaeilge na hÉireann mar a thugtar uirthi corruair), agus ceann den dtrí cinn de theangacha Ceilteacha ar a dtugtar na teangacha Gaelacha (Gaeilge,Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann) go háirithe. Labhraítear in Éirinn go príomha í, ach tá cainteoirí Gaeilge ina gcónaí in áiteanna eile ar fud an domhain.

Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann í an Ghaeilge. Tá an Béarla luaite sa Bhunreacht mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i dTuaisceart Éireann, atá mar chuid den Ríocht Aontaithe. Ar an 13 Meitheamh 2005 d’aontaigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón 1 Eanáir 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T. D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.

https://ga.m.wikipedia.org/wiki/An_Ghaeilge